Author | |
---|---|
Language | |
ISBN | 9781782011279 |
Publisher |
Eachtra Eibhlíse i dTir na nIontas
€16.95
“Cónaíonn an Haitéir ansin,” arsa an Cat, ag ardú lapa leis, “agus Giorria Márta siar ansin,” ag ardú an lapa eile leis. “Téigh ag féachaint éinne acu is maith leat: tá siad araon as a meabhair.”
“Ach ní maith liom a bheith i measc daoine a bhíonn as a meabhair,” arsa Eibhlís
“Ó, níl leigheas agat air sin,” arsa an Cat, “tá gach éinne as a mheabhair anseo. Táimse as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”
“Conas tá a fhios agat go bhfuilimse as mo mheabhair?” arsa Eibhlís.
“Tá tú gan dabht,” arsa an Cat, “agus murach go bhfuil tú ní anseo a bheifeá.”
Seoid de chuid litríochta na bpáistí atá in Alice’s Adventures in Wonderland, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1865. Foilsíodh aistriúchán Gaeilge le Nicholas Williams sa bhliain 2003, agus cuireadh amach an dara heagrán de in 2007. Is sa bhliain 1922, áfach, a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge, a rinne Pádraig Ó Cadhla (1875-1948), ach is deacair teacht ar chóip den leabhar sin inniu, agus is beag duine a bhfuil sé léite aige. Is sa bhliain 2015 atá an t-atheagrán seo d’aistriúchán Uí Chadhla á fhoilsiú, 150 bliain tar éis chéadfhoilsiú Alice’s Adventures in Wonderland.
Delivery in 2 - 5 working days when in stock. Allow up to 14 days for non-stock items.